Gach bliain i mí Mheán Fómhair, tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais (SOTEU) os comhair Pharlaimint na hEorpa. Déantar trácht san aitheasc sin ar an méid a baineadh amach in imeacht na bliana a chuaigh thart agus leagtar amach tosaíochtaí na chéad bhliana eile.
San aitheasc sin, cuireann an tUachtarán i láthair a fís don Aontas agus leagann sí amach conas a thabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas.
Tabharfaidh Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a haitheasc an 14 Meán Fómhair 2022. Tar éis an aithisc, beidh díospóireacht iomlánach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, arb ionann í agus tráth lárnach inár ndaonlathas chun tuairimí a mhalartú faoin todhchaí.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 31 Lúnasa 2022
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Type of content
- News