Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Litearthacht intleachta saorga a fhorbairt don todhchaí

  • Alt nuachta
  • 19 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Tá an intleacht shaorga (IS) ag teacht chun cinn sa saol laethúil de réir a chéile, agus tá na scileanna de dhíth ar an aos óg chun í a úsáid go siosmaideach.  

Chun plé a éascú sa seomra ranga agus taobh amuigh de, tá Creat nua um Litearthacht IS sa Bhunoideachas agus sa Mheánoideachas seolta ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). 

Cuideoidh an Creat le múinteoirí, ceannairí scoile agus lucht ceaptha beartas tuiscint a fháil ar an eolas agus ar na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí chun IS a úsáid go freagrach, go sábháilte agus go heiticiúil. Tá smaointe praiticiúla don seomra ranga san áireamh ann, agus é bunaithe ar cheithre phríomhréimse: IS a láimhseáil, rudaí a chruthú le IS, IS a bhainistiú, agus IS a mhúnlú. 

Tacaíonn an tionscnamh le sprioc an Aontais oideachas ardchaighdeáin cuimsitheach atá réidh don todhchaí a chur ar fáil, rud a chuideoidh le foghlaimeoirí ar fud na hEorpa an mhuinín agus na scileanna smaointeoireachta criticiúla is gá a fhorbairt i ndomhan atá IS a mhúnlú de réir a chéile. 

Faigh tuilleadh eolais anseo:  

 

Mar oideoir, is tú croílár chlaochlú digiteach na hEorpa. Chun tacú leat san aistear seo, tá ceithre shraith nua de threoirlínte ag an gCoimisiún Eorpach atá deartha chun tacú leat i gceithre phríomhréimse san oideachas digiteach:

Dáta foilsithe
19 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News