Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta14 Meán Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Tús curtha le comórtas aistritheoirí óga an Aontais!

A contest to reward the best young translators in the European Union

""

Is féidir le meánscoileanna i ngach tír den Aontas clárú anois le haghaidh Juvenes Translatores, comórtas bliantúil aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.

Beidh an comórtas ar siúl ar líne an 23 Samhain. I dtíortha uile an Aontais Eorpaigh, ar an lá céanna, aistreoidh na daltaí téacs faoi mhaoirseacht a
múinteoirí.

Is féidir le scoileanna clárú ar líne ionas go mbeidh a gcuid daltaí in ann dul in iomaíocht lena gcomhghleacaithe ar fud an Aontais. Is féidir clárú in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais go dtí 12.00 Am Lár na hEorpa an 16 Deireadh Fómhair 2023.

Cláraigh anois

Cé atá in ann páirt a ghlacadh ann?

Daltaí meánscoile a rugadh in 2006

Cúlra

Gach bliain ó bhí 2007 ann, tá an comórtas Juvenes Translatores á reáchtáil ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh i scoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Blaiseadh de ghairm an aistritheora agus an spreagadh le teangacha iasachta a fhoghlaim, sin an rud a thugann an comórtas aistriúcháin do dhaoine óga, agus seans go mbeidh cuid acu ina n-aistritheoirí gairmiúla amach anseo dá bharr. Glacann thart ar 3,000 déagóir ó bheagnach 700 meánscoil páirt sa chomórtas gach bliain.

Juvenes translatores

Sonraí

Dáta foilsithe
14 Meán Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
15 bliana nó níos sine
Type of content
Competition