- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana
- Réimse
- Cearta na Saoránach
- Cineál an ábhair
- Uirlis teagaiscSuíomh gréasáin

Sa téama seo, féachtar le himscrúdú a dhéanamh ar chuid de na catagóirí is suaithinsí a thagann faoin sainmhíniú leathan ar chearta an duine, agus déantar measúnú ann ar na nithe a cheanglaíonn cearta agus freagrachtaí le chéile agus ar na nithe a chruthaíonn contrárthacht eatarthu. Bainfear úsáid as samplaí comhaimseartha agus stairiúla, as an Eoraip agus as áiteanna eile ar domhan, chun bheith mar threoir do na foghlaimeoirí agus an topaic seo á iniúchadh acu. Rud é sin a thabharfaidh orthu a machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun freagairt do chásanna casta eitice. I measc na réimsí a chlúdófar, beidh urraim do na cearta atá ag daoine eile, an choimhlint idir cleachtais chultúrtha agus cearta an duine, agus cibé an féidir bonn cirt a thabhairt riamh do chearta áirithe a shéanadh ar dhaoine i gcásanna ar leith.
Ar an ábhar céanna
Tacar uirlisí oideachais chun cuidiú dul i ngleic le steiréitíopaí inscne sa bhunscoil
Forbraíodh an tacar uirlisí seo do mhúinteoirí bunscoile agus foghlaimeoirí óga bunscoile (6-7 bhliana d’aois). Is aidhm leis tacú le múinteoirí plé a eagrú sa seomra ranga chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le steiréitíopaí inscne, bunaithe ar an sampla ón earnáil iompair.
Amlíne: cearta na mban san Aontas Eorpach
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
Tá do shonraí príobháideacha faoi chosaint anois a bhuí le GDPR (RGCS), dlí nua an Aontais Eorpaigh i dtaca le príobháideachas sonraí.
Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh – 50 bliain ar an bhfód
In 2018 bhí cothrom 50 bliain ó bunaíodh Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh á cheiliúradh san Aontas Eorpach.
Bíodh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) leat i gcónaí agus tú ag taisteal.
Clúdaíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte cóir leighis i gcás géarchéimeanna agus i gcás riochtaí sláinte a bhí ann cheana, le linn do dhaoine a b...
Cad é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh? Tapaigh an deis
Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.An méid atá i gceist leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus mar a oibríonn sé.
Cad iad luachanna AE?
Tá bunluachanna áirithe ag tíortha uile an AE, atá mar bhonn faoi shochaí shaor. Cosnaíonn an tAE na comhluachanna sin chun cuimsiú, caoinfhulaingt, c...
Geobhlocáil agus siopadóireacht ar líne
Ní mór do mhiondíoltóirí an rochtain chéanna a thabhairt do lucht ceannaithe earraí agus seirbhísí, is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad. ‘Geobhlo...