Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Juvenes Translatores: ar thóir daoine óga a bhfuil bua an aistriúcháin acu!

  • Alt nuachta
  • 24 Iúil 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
""

Faigh amach le comórtas aistriúcháin Juvenes Translatores má tá tú ar dhuine acu! 

Tugann an comórtas aistriúcháin bliantúil ar fud an Aontais cuireadh do dhaltaí meánscoile a rugadh in 2008 a scileanna teanga agus a gcruthaitheacht a chur os comhair an tsaoil mhóir de réir mar a aistríonn siad idir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. 

Is ionann líon na scoileanna a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa chomórtas i ngach tír agus líon na suíochán atá acu i bParlaimint na hEorpa – 720 ar an iomlán ar fud an Aontais. Gach bliain ó 2007, baineann níos mó ná 3,000 déagóir triail as a bheith ina n-aistritheoirí don lá. Is éard atá i gceist leis an tasc leathanach amháin téacs a aistriú, agus is féidir leo aon cheann de 552 phéire teangacha atá ar fáil as measc theangacha oifigiúla an Aontais a roghnú!

Na 27 ndalta bhuaiteacha, dalta amháin as gach Ballstát, buafaidh siad turas 3 lá go dtí an Bhruiséil i mí an Mhárta 2026, le searmanas bronnta chun a mbua a cheiliúradh.

🗓️ Cuir an dáta i d’fhéilire: beidh an tréimhse chlárúcháin ar siúl ón 2 Meán Fómhair (meán lae) go dtí an 14 Deireadh Fómhair (meán lae) 2025 (Am Lár na hEorpa). Féach leat suíomh gréasáin JT chun tuilleadh sonraí a fháil!

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Iúil 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide