Scagadh de réir
Nuacht agus comórtais
(204)
RSS

Tá an ceart ag leanaí a dtuairimí a chur in iúl. Chun a chinntiú go gcloisfear a nguthanna, tá Ardán Rannpháirtíochta do Leanaí seolta ag an Aontas.

Ócáid is ea Lá na hEorpa, a cheiliúrtar an 9 Bealtaine gach bliain, do mhuintir na hEorpa chun an tsíocháin agus an aontacht a cheiliúradh ar fud na mór-roinne.

An 27 Márta bíonn Lá na nÚdar Eorpach ann, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, chun an ghlúin óg a nascadh arís leis an léitheoireacht agus chun cuidiú leo eolas a chur ar éagsúlacht litríocht na hEorpa.

Ceithre bliana slánaithe ag Cúinne na Foghlama an 21 Márta!

Tréaslaíonn an Coimisiún Eorpach a ngradam leis na 27 mbuaiteoir i gcomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores do lucht meánscoile.

Is é an 11 Feabhra lá 112 – ócáid mhaith le múineadh do pháistí gur féidir leo glao ar 112, seacht lá na seachtaine, chun teacht ar na seirbhísí éigea...

Tá sé de cheart ag páistí agus daoine óga teacht i méadaíocht i dtimpeallacht dhigiteach inar féidir leo ábhar a chruthú agus a roinnt agus dul i ngleic leis go sábháilte.

Seans go bhfuil a fhios agat go ndéantar Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a mhalartú idir Ballstáit an Aontais gach re seal. Ón 1 Eanáir is ag an tSualainn a bheidh an Uachtaránacht sin.
Ach an raibh a fhios agat go bhfuil an tSualainn mar chuid de thríréad ina bhfuil na tíortha a tháinig roimpi?

Ón 1 Eanáir 2023 tá 20 tír mar chuid den limistéar euro: ó shin i leith, tá an Chróit i measc na mBallstát a úsáideann an euro mar airgeadra.

D’oscail Áras Stair na hEorpa a dhoirse don phobal cúig bliana ó shin agus anois is mian leis ábhair foghlama úra nua spreagúla a dhearadh do mhúinteoirí na hEorpa.

Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin teacht le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú trí bhusanna a bhronnadh atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais ar scoil go sábháilte.

Tá an Coimisiún Eorpach ag cur deis speisialta ar fáil duit dul i gcomhar le taighdeoir nó saineolaí i do réimse ábhair féin chun ábhar foghlama a chomhchruthú.

Tá Bliain Eorpach na hÓige ag teacht chun deiridh ach tá cúpla mí agat fós chun páirt a ghlacadh. Bliain ar leith is ea í ina ndírítear ar an gcuimsiú, agus cabhrú le gach duine óg a bheith ina saoránaigh ghníomhacha rannpháirteacha.

Gach beannacht ar na múinteoirí uile – tá ról an-tábhachtach agaibh maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh a chur i láthair do daoine óga!

Is féidir le meánscoileanna i ngach tír den Aontas clárú anois le haghaidh Juvenes Translatores, comórtas bliantúil aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.

Gach bliain i mí Mheán Fómhair, tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais (SOTEU) os comhair Pharlaimint na hEorpa. Déantar trácht san aitheasc sin ar an méid a baineadh amach in imeacht na bliana a chuaigh thart agus leagtar amach tosaíochtaí na chéad bhliana eile.

Ó bhí an 1 Iúil ann, is é seal na Seicia ar an uachtaránacht atá ann. Tá 5 thosaíocht leagtha síos ag an tír ar ar cheart don Aontas díriú sna míonna amach romhainn, faoin mana ‘An Eoraip mar Chúram: Athsmaoineamh, Atógáil, Athchumhachtú’:

I gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige 2022, seoladh an chéad Ardán Gutha riamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Is gá meas a léiriú ar gach leanbh agus iad a chosaint ar líne agus as líne araon.
Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine nuair a dhéantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Aontas Eorpach.