Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta15 Meán Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Staid an Aontais 2023 – i mbeagán focal

An 13 Meán Fómhair chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tús le bliain nua pholaitiúil lena haitheasc bliantúil ar ‘Staid an Aontais’ i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg.

“Seo an t-am chun a thaispeáint don ghlúin óg gur féidir linn mór-roinn a thógáil inar féidir leat a bheith dílis duit féin, inar féidir leat grá a thabhairt don té is ansa leat, agus inar féidir leat dréim leis an gcraobh is airde.”

San óráid a thug sí, rinne sí machnamh ar an méid atá bainte amach ag an Aontas Eorpach le bliain anuas agus ar an méid a mbeidh sé ag díriú air sa bhliain atá le teacht, an ceann deireanach dá sainordú. Ábhar tábhachtach ab ea an t-athrú aeráide; mar shampla, d’fhógair sí tionscnamh nua maidir le fuinneamh gaoithe. Ábhar eile ab ea an digitiú; cuirfidh an tAontas a shár-ríomhairí ar fáil do thionscnaimh nua i réimse na hintleachta saorga. Chun cuidiú leis an ngeilleagar, d’fhógair sí bearta chun páipéarachas a laghdú do chuideachtaí beaga agus meánmhéide. Ar ndóigh, ábhar mór ab ea ionsaí leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin a fhad is gá, a dúirt sí, agus dúirt sí freisin go bhfuil ‘todhchaí na hÚcráine san Aontas seo againne’.

Is ábhar tráthúil den scoth atá san aitheasc seo don phlé sa seomra ranga maidir leis an Aontas Eorpach agus a thodhchaí, agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as mar chuid thábhachtach de cheacht níos leithne ar an Eoraip.

Staid an Aontais 2023 – na príomhthionscnaimh

Léigh an t-aitheasc

Féach ar an aitheasc

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Meán Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News