Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta5 Meán Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Staid an Aontais Eorpaigh 2023

Is é an t-aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh, nó ‘SOTEU’, an óráid bhliantúil a thugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh os comhar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg i mí Mheán Fómhair gach bliain chun tús a chur leis an mbliain pholaitiúil nua.

Arís i mbliana, san aitheasc deiridh ar Staid an Aontais den sainordú reatha, tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, achoimre ar an méid atá bainte amach le bliain anuas agus ar na saincheisteanna tábhachtacha atá roimh mhuintir na hEorpa. Cuirfidh sí i láthair na tosaíochtaí agus na tionscnaimh nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin sa bhliain atá le teacht, mar shampla trí dhlíthe nó beartais nua de chuid an Aontais a mholadh.

Anuraidh, ar na topaicí tábhachtacha ar labhair an tUachtarán orthu bhí fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an ngéarchéim fuinnimh, agus athrú ó bhonn a dhéanamh ar ár ngeilleagar trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Is ábhar tráthúil den scoth atá san aitheasc seo don phlé sa seomra ranga maidir leis an Aontas Eorpach agus a thodhchaí, agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as mar chuid thábhachtach de cheacht níos leithne ar an Eoraip. Is féidir leat teacht ar eolas chun an t-ábhar seo a chur i láthair do scoláirí anseo, agus is féidir amharc ar an óráid féin ó 09:00 (am Lár na hEorpa) an 13 Meán Fómhair ach cliceáil ar an nasc seo, áit a bhfuil eolas úsáideach agus ábhar cumarsáide eile ar fáil

Beidh bróisiúr léiritheach ar fáil ar líne, i ngach teanga oifigiúil den Aontas, ina leagfar béim ar na príomhéachtaí polaitiúla a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil na saoránach. 

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Meán Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
Event