Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta8 Samhain 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Expertiment for the Classroom

Iarraimid ar gach múinteoir dul isteach i saol an taighde

""

Tá an Coimisiún Eorpach ag cur deis speisialta ar fáil duit dul i gcomhar le taighdeoir nó saineolaí i do réimse ábhair féin chun ábhar foghlama a chomhchruthú. Le chéile is féidir togra a fhorbairt le haghaidh turgnaimh, tráth na gceist, cluiche nó aon ghníomhaíocht eile ar cinnte gur féidir é a chur i bhfeidhm san fhíorshaol.

Is í Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr a chuirfidh na trí thogra is fearr ar fáil ar bhonn gairmiúil. Aistreofar go roinnt teangacha den Aontais iad agus beidh siad le feiceáil go soiléir ar shuíomh gréasáin ‘Science is Wonderful!’ de chuid an Choimisiúin.

Ina theannta sin, tabharfar cuireadh do ranganna na dtrí thogra roghnaithe chuig taispeántas ‘Science is Wonderful!’ a bheidh ar siúl sa Bhruiséil i mí an Mhárta 2023, rud a thabharfaidh deis ar leith dóibh dul i dteagmháil le 100 taighdeoir as gach cearn den Aontas Eorpach. Ach d’fhéadfadh sé go mbeadh rud beag eile i ndán do na tograí eile nach mbeidh aon choinne leis.

An bhfuil spéis agat ann? Beidh an clárú ar oscailt go dtí an 1 Nollaig 2022, agus ní mór gach togra a chur isteach faoin 9 Eanáir 2023.

Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun teacht ar na sonraí agus na treoracha go léir

 

Expertiment for the Classroom – Treoracha

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Samhain 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
Competition