Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta23 Eanáir 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Lá Idirnáisiúnta an Oideachais 2023

European Union, 2023 Scopes : Partial reuse prohibited, Information and education only, Non-commercial use, Special conditions to be respected

Is é an 24 Eanáir Lá Idirnáisiúnta an Oideachais ar fud an domhain.

Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe é in 2018 agus cuireann an lá sin i dtábhacht ról an oideachais chun an tsíocháin agus an fhorbairt a chothú.

Dar leis na Náisiúin Aontais, tá 244 mhilliún leanbh agus daoine óga ann nach bhfuil ag freastal ar scoil agus tá 771 mhilliún duine fásta ann atá neamhliteartha. Tá sárú á dhéanamh ar a gceart chun oideachais agus níl sé inghlactha.

Is é an t-oideachas an tsócmhainn is cumhachtaí atá ann chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh, chun deireadh a chur le neamhionannas inscne agus chun fás eacnamaíoch a spreagadh.

Is é téama Lá na bliana seo ‘infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus tús áite a thabhairt don oideachas’. Iarrtar leis go gcoinneofaí slógadh láidir polaitiúil maidir leis an oideachas agus go leagfar amach an bealach chun gealltanais agus tionscnaimh dhomhanda a chur i ngníomh.

Is ó institiúidí agus ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le chéile a thagann breis agus an leathchuid den chabhair dhomhanda ar fad a dhírítear ar an oideachas. Leis sin tacaíonn siad leis an earnáil oideachais i níos mó ná 100 tír ar fud an domhain.

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
23 Eanáir 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide