DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
An oibríocht phróiseála: Cúinne na foghlama
Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht B, Aonad B.2
Tagairt taifid: DPR-EC-03612
Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear na fáthanna a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Ina theannta sin, tugtar sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhthéacs suíomh gréasáin Chúinne na Foghlama a bhainistiú. Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad B.2, in éineacht leis na haonaid atá freagrach as gníomhaíochtaí próiseála sonracha a bhaineann le Cúinne na Foghlama sna ranna nó seirbhísí inniúla den Choimisiún.
Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Is suíomh gréasáin é Cúinne na Foghlama ar a gcuirtear acmhainní agus seirbhísí oideachais ar fáil i dtaca leis an Aontas Eorpach, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Is stórlann cluichí, tráth na gceist, agus ábhar foghlama agus teagaisc a bhaineann leis an Aontas agus leis na tairbhí atá le baint as ag saoránaigh an Aontais atá ann, agus dírítear é go príomha ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile agus a múinteoirí. Is é Aonad Óige Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanann an suíomh gréasáin a bhainistiú.
Bailítear sonraí chun oibriú agus bainistiú acmhainní agus seirbhísí Chúinne na Foghlama a éascú, agus d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ina measc sin:
- cluichí, comórtais agus idirghníomhaíocht le rannpháirtithe na gcomórtas, nasc chuig suíomh gréasáin ‘Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh’ (Tairseach OP), áit is féidir le húsáideoirí foilseacháin a ordú (DPR-EC-00449);
- foirm aiseolais is féidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin a úsáid chun aiseolas a thabhairt ar na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu, chun fabhtanna/fadhbanna teicniúla a thuairisciú agus chun tráchtaireachtaí spontáineacha a fhágáil maidir le hábhair an tsuímh. Tugtar cuireadh d’úsáideoirí a bhaineann úsáid as an bhfoirm sin seoladh ríomhphoist a thabhairt ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh leo má bhíonn gá le soiléiriú nó chun freagraí ar a gceisteanna a fháil (DPR-EC-01064).
Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- tá toiliú tugtha agat liostáil le Nuacht ó Chúinne na Foghlama (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725);
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (Airteagal 5(1)(a) de Rialachán 2018/1725) bunaithe ar dhlíthe seo an Aontais a leanas:
- Airteagal 11(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
- Airteagal 1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
- Airteagal 58(2)(d) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (Rialachán Airgeadais:);
- Cinneadh C(2024) 8793 ón gCoimisiúnmaidir le gníomhaíochtaí oibriúcháin Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide a mhaoiniú agus maidir le glacadh an chláir oibre le haghaidh 2025 agus óna Iarscríbhinn, Rannán 4.3.5: maidir le ‘Ábhair chumarsáide agus Tuarascáil Ghinearálta’: Gach ábhar cumarsáide ar líne agus as líne, lena n-áirítear suíomh gréasáin Chúinne na Foghlama agus an leathanach ‘An tAontas go héasca’, tá siad oiriúnach do spriocphobal leathan agus do raon leathan aoisghrúpaí, sna Ballstáit agus in áiteanna nach iad. “
Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?
Tabhair do d’aire nach gá clárú ná sonraí pearsanta a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama chun an chuid is mó de na hacmhainní agus na seirbhísí a úsáid.
Tá cur síos ar na catagóirí sonraí a phróiseálann feidhmchlár EU Login i dtaifead faoi seach DIGIT (féach ‘An tSeirbhís Bainistithe Aitheantais agus Rochtana’ uimhir thagartha DPR-EC-03817).
I gcás comórtas, is í seirbhís an Choimisiúin nó na hInstitiúide den Aontas a bhfuil an comórtas á phostáil aici ar shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama a bhaileoidh do shonraí agus do thoiliú.
Déantar sonraí páirtithe leasmhara agus iolraitheoirí atá ar fáil go poiblí, cuir i gcás ainm eagraíochta, seoladh ríomhphoist, ainm teagmhálaí, a bhailiú chun gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur i gcrích.
D’fhéadfadh an Rialaitheoir Sonraí eolas anaithnid a roinnt le Stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin agus/nó le hinstitiúidí eile den Aontas nó le tríú páirtithe lena n-aircíviú nó chun críocha staidrimh.
Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
5.1. Sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil agus acmhainní agus seirbhísí Chúinne na Foghlama á n-úsáid
Coinnítear sonraí pearsanta a fhad is a bhfuil gá le gníomhaíochtaí leantacha a bhaineann le ceann de sheirbhísí Chúinne na Foghlama i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, agus ní choinnítear iad ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain ón dáta a chuirtear isteach an t-aiseolas.
5.2 Tuarascálacha, taifid ar pháipéar agus taifid leictreonacha, taifid ARES a choimeádann DG COMM san áireamh
Gach taifead ar pháipéar agus gach taifead leictreonach a bhaineann leis an gcomhfhreagras ó lá go lá agus tuarascála a bhfuil sonraí comhiomlánaithe iontu, lena n-áirítear taifid ARES a choinnítear ar feadh tréimhse deich (10) mbliana de réir an Liosta Coinneála Choitinn ar Leibhéal an Choimisiúin (SEC(2019)900/2). Cuirfear sa chartlann iad de réir chreat dlíthiúil an Choimisiúin agus stórálfar in ARES iad (Ardchóras Taifead) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta (Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Bainistíocht agus caomhnú (gearrthéarmach agus meántéarmach) dhoiciméid an Choimisiúin’, uimhir thagartha DPR-EC-00536).
Cén dóigh a gcosnóimid do shonraí pearsanta?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith agus oibleagáidí rúndachta maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, déantar rochtain ar shonraí pearsanta a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do phearsanra údaraithe institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na conraitheoirí atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais. Tá ceangal ar na baill foirne agus na conraitheoirí sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Tá rochtain ag baill foirne údaraithe an Choimisiúin ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn úsáideoir a úsáideann ceann d’acmhainní nó seirbhísí Chúinne na Foghlama chun bearta leantacha gaolmhara a chur i gcrích.
Nuair is ábhartha, d’fhéadfadh conraitheoirí seachtracha sonraí pearsanta úsáideoirí acmhainní nó seirbhísí Chúinne na Foghlama a fháil ar bhonn riachtanais eolais, mar shampla nuair a chonraíonn an Coimisiún iad chun obair leantach a dhéanamh ar aiseolas.
Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála seo, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:
- an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart a éileamh go scriosfaí do shonraí pearsanta (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- i gcás inarb infheidhme, an ceart chun próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart chun iniomparthachta sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725).
Más rud é gur thug tú do thoiliú don Choimisiún Eorpach i leith na hoibríochta próiseála reatha, féadfaidh tú é a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar do thoiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi rannán 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. tagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Rannán 10) i d’iarratas.
Sonraí teagmhála
An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad C2 (COMM-B2
ec [dot] europa [dot] eu (COMM-B2[at]ec[dot]europa[dot]eu)).
Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER
ec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps
edps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
Tuilleadh eolais
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register
Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03612.