Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 4 Feabhra 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Buaiteoirí Juvenes Translatores 2025-2026 le fógairt go luath!

Announcement of winners!

 

Má tá dúil agat i dteangacha, tá dáta againn le cur san fhéilire! Déardaoin, an 12 Feabhra ag 11:30 Am Lár na hEorpa, déanfar buaiteoirí chomórtas Juvenes Translatores a fhógairt le linn craoladh beo

Comórtas bliantúil ar fud an Aontais do dhaltaí meánscoile atá 17 mbliana d’aois is ea Juvenes Translatores, agus tá sé ag spreagadh teangeolaithe óga ó 2007. Ba é an téama a bhí ann i mbliana ‘Ó theangacha go tírdhreacha: aistir Eorpacha ar son na comhthuisceana’. 

I mbliana, ghlac 3,004 dhalta as 716 mheánscoil páirt ann. As na 552 phéire teanga a bhí ar fáil, bhain siad úsáid as 155 phéire – Bulgáiris-Gréigis, Danmhairgis-Seicis, Gaeilge-Spáinnis agus Cróitis-Sualainnis ina measc. Léiríonn na roghanna a rinne siad gréasán casta na dteangacha san Eoraip. 

Aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh a rinne measúnú ar a gcuid aistriúchán idir 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh na buaiteoirí – duine as gach Ballstát – ceiliúradh ar a n-éacht ilteangach ag searmanas bronnta sa Bhruiséil ag deireadh mhí an Mhárta. Buailfidh siad freisin le daoine eile ar maith leo teangacha, feicfidh siad aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh i mbun oibre agus cuirfidh siad eolas ar an gcathair. 

Tá ardmholadh tuillte ag na rannpháirtithe go léir as a gcuid iarrachtaí. Beidh an t-ádh leis an gcéad ghlúin eile aistritheoirí daoine óga éirimiúla a bheith ag dul isteach sa ghairm, agus molaimid dóibh leanúint de theangacha a fhoghlaim.

Ar mhaith leat dúshlán a thabhairt duit féin? Tá téacsanna a chomórtais le fáil ar líne — bain triail astu agus féach cén chaoi a n-éireoidh leat! Agus má tá aithne agat ar dhaltaí a bhfuil grá acu do theangacha agus a bheidh 17 mbliana d’aois an bhliain seo chugainn, inis dóibh faoi eachtra Juvenes Translatores atá ar a ndeis acu!

 

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Feabhra 2026 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 4 Feabhra 2026)
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News