Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Ráiteas príobháideachais maidir leis an Nuacht ar Chúinne na Foghlama

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi
phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.

 

An oibríocht phróiseála: Nuacht ó Chúinne na Foghlama

An Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht A, Aonad A.2

Tagairt:  DPO-190-5

 

1.       Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear na fáthanna a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún agus é ag bainistiú Nuacht ó Chúinne na Foghlama, arna riar ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, A.2 (COMM.A.2 – rialaitheoir sonraí cothrománach thar ceann an Choimisiúin) agus ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, R.3 (CNECT.R.3 – an tseirbhís atá freagrach as an bhfeidhmchlár EU Newsroom trína seoltar amach Nuacht ó Chúinne na Foghlama).

2.       Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Nuachtlitir is ea Nuacht ó Chúinne na Foghlama a fhoilsíonn DG COMM cúpla uair sa bhliain agus a chuireann múinteoirí bunscoile agus meánscoile, chomh maith le daoine eile a bhfuil suim acu ann, ar an eolas faoi ábhair teagaisc nua agus ábhair teagaisc atá ann cheana faoin Aontas Eorpach,agus faoin aon eolas eile a mbeadh spéis acu ann. Tá an t-ábhar seo le fáil ar shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama an AE.

Is féidir le daoine ar spéis leo Nuacht ó Chúinne na Foghlama a fháil clárú ar an leathanach liostála.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san

áireamh.

Tabhair do d'aire gur cláraíodh na seoltaí ríomhphoist ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna san Aontas Eorpach atá ar fáil go poiblí ar líne go huathoibríoch chun Nuacht ó Chúinne na Foghlama a fháil. Ós rud é gur seoltaí na scoileanna iad na seoltaí sin, ní ghabhann aon sonraí pearsanta leo agus mar sin ní theastaíonn cead chun iad a phróiseáil.

3.       Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil toisc go bhfuil toiliú tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725).

Tá gá le do thoiliú le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(15) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní mór an toiliú a thabhairt faoi shaoirse agus ní mór é a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí, agus féadfar é a léiriú trí mheán an ríomhphoist, trí fhoirm chlárúcháin leictreonach a chur isteach, nó in aon fhoirm scríofa eile.

Chun críche na hoibríochta próiseála i gceist, glacann an Rialaitheoir Sonraí leis go bhfuil an phróiseáil dlíthiúil toisc gurb iad na hábhair sonraí féin ar mian leo liostáil le Nuacht ó Chúinne na Foghlama a sholáthraíonn na sonraí pearsanta.

Faightear an cead sin go díreach uait nuair a liostálann tú leis an tseirbhís.

4.       Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, féadfaidh an Rialaitheoir Sonraí na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú:

I dtaca le sonraí pearsanta éigeantacha, is é an seoladh ríomhphoist amháin a theastaíonn chun clárú leis an tseirbhís. Teastaíonn sé chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag an síntiúsóir ar an tseirbhís ós rud é go seoltar an nuachtlitir amach trí ríomhphost.

Tá sonraí pearsanta neamhéigeantacha (teideal, ainm, sloinne, inscne, tír chónaithe, agus earnáil) úsáideach don Choimisiún chun críoch staidrimh agus chun ábhar na nuachtlitreach a chur in oiriúint d'ábhair spéise na síntiúsóirí.

Déantar na sonraí pearsanta ar fad a stóráil ar an bhfeidhmchlár EU Newsroom. Is córas bainistithe nuachta é EU Newsroom, córas a d'fhorbair Ard-Stiúrthóireacht Líonraí Cumarsáide, Ábhair Dhigitigh agus Teicneolaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, agus atá á bhainistiú agus á chothabháil aici go fóill.

5.       Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach a fhad agus is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, is é sin go dtí go ndíliostálann tú ón tseirbhís nó go dtí go bpróiseáltar d'iarratas i scríbhinn chuig an riarthóir córais ag cur in iúl gur mhaith leat díliostáil ón tseirbhís (tréimhse nach faide ná aon mhí amháin). Má dhíliostálann tú ón tseirbhís, scriostar do shonraí pearsanta go buan. Má nuashonraítear do sheoladh ríomhphoist, ní choinnítear taifead ar bith den seoladh ríomhphoist a úsáideadh cheana.

6.       Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le hoibríochtaí próiseála ar bith a dhéantar ar shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a eascraíonn  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt beart teicniúil agus eagraíochtúil curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla sin déantar cead rochtana ar shonraí pearsanta a shrianadh do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7.       Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do phearsanra údaraithe institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na conraitheoirí sna hinstitiúidí sin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Níl rochtain ach ag pearsanra údaraithe an Choimisiúin a bhfuil rochtain riarthóra acu ar shonraí pearsanta ó Nuacht ó Chúinne na Foghlama, sonraí pearsanta a thugann úsáideoirí nuair a liostálann siad leis an tseirbhís.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

8.       Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála seo, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:

  • an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (Airteagal19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • i gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun iniomparthacht sonraí (Airteagal22 de Rialachán (AE) 2018/1725).

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d'Ardstiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad A.2, le haghaidh na hoibríochta próiseála áirithe seo. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar do thoiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Roinn 9.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí próiseála ar leith, déan cur síos orthu (i.e. tagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10) i d'iarratas.

9.       Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, COMM.A.2 (COMM-LEARNINGCORNERNEWSatec [dot] europa [dot] eu (COMM-LEARNINGCORNERNEWS[at]ec[dot]europa[dot]eu)).

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10.    Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt seo a leanas ag gabháil leis: DPO-190-5.