- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana15 bliana nó níos sine
- Réimse
- An Saol Digiteach
- Cineál an ábhair
- Físeán

Buail le Helena, Klaus, Kasia, Enzo agus Marion – ár “dTAISCÉALAITHE DIGITEACHA” ar thuras páirce trasna na hEorpa lena fheiceáil cén chaoi a bhfuiltear ag éirí leis an digitiú.
Tugann an teicneolaíocht dhigiteach deiseanna gan teorainn: ná caill an deis lena fháil amach faoi roinnt de na hábhair is spéisiúla, intleacht shaorga, sonraí nó sár-ríomhaire san áireamh, agus faigh amach an chaoi a bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar thodhchaí dhigiteach na hEorpa – DO thodhchaí.
Cad atá i gceist le tír a bheith i measc na gceannairí domhanda ó thaobh an digitithe de? Conas a thomhaisimid an digitiú? Cad is nascacht, caipiteal daonna nó seirbhísí poiblí digiteacha ann? Féach ar an eipeasóid seo agus bíodh máistreacht agat ar na coincheapa siúd chun go bhféadfá a bheith i do “THAISCÉALAÍ DIGITEACH” i do thír féin.
An raibh fadhb agat riamh leis an nasc? Ar úsáid tú riamh mol Wi-Fi saor in aisce? Ar chuala tú faoi 5G? Míneoidh an eipeasóid seo cén fáth a bhfuil sé tábhacht go bhfuilimid go léir nasctha agus conas é a fheabhsú.
An bhfuil a fhios agat gur féidir scrolláil, roinnt, téacsanna agus glaonna a chur ó áit ar bith san AE - ar an gcostas céanna?! Is rud ó na laethanta atá thart é a bheith buartha faoi bhillí arda fóin. Ó 2017, is féidir leat taisteal tríd an AE & coinneáil i dteagmháil le do theaghlach agus do chairde. Foghlaim faoi conas atá ár dtaiscéalaithe digiteacha ag baint lántairbhe as buntáistí ‘Fánaíocht ar tháillí baile’ agus iad ar a n-aistear trasna an AE!
An raibh a fhios agat go bhfuil sonraí i ngach uile áit? Ní hamháin sin: tá sé ag athrú an tslí a oibríonn rudaí freisin. Féach ar an eipeasóid ar THAISCÉALAITHE DIGITEACHA chun fáil amach conas a thaistealaíonn sonraí trasna an Aontais Eorpaigh agus an chaoi ar féidir leis ár saolta a fheabhsú.
An raibh a fhios agat go bhfásfaidh líon na sonraí a bhailítear ar domhan, cé nach bhfeictear é, go 175 zeitibheart in 2025, líon atá sách fada go bhféadadh sé dul chuig an ngealach agus ar ais faoi 5 uaire Féach ar an eipeasóid seo de THAISCÉALAITHE DIGITEACHA chun sár-ríomhairí a thuiscint agus tosaigh ag smaoineamh ar scála mór, SÁR-mhór.
An bhfaca tú róbat riamh? An raibh a fhios agat go n-úsáideann do ghuthán intleacht shaorga freisin? Féach ar an eipeasóid seo ar THAISCÉALAITHE DIGITEACHA chun a fháil amach faoi conas a chinntiú gur féidir leat muinín a bheith agat as IS, a chabhraíonn linn – daoine, agus a bhfuil meas aige ar ár luachanna.
N do dhaoine móra fisice atá an teicneolaíocht chandamach amháin! Lig dár dTAISCÉALAITHE DIGITEACHA thú ar thabhairt ar aistear iontach chun tuiscint a fháil ar céard a chiallaíonn sé agus cén tionchar atá aige ar an saol sa lá atá inniu ann anseo san Eoraip. Chomh maith leis sin, má chuala tú faoin smaointurgnamh ‘cat Schrödinger’, bainfidh tú an-sult as ár mínitheoir físiúil.
Páipéarachas? Rud a bhfuil a lá thart! An bhfuil a fhios agat go simplíonn an Chéannacht Dhigiteach Eorpach nua go sábháilte an bealach ia roinnimid teastais thábhachtacha, a dtuairiscítear athrú seolta, a gcruthaímid ár n-aois nó a líonaimid ár dtuairisceán cánach fiú? Tugann ár dTAISCÉALAITHE DIGITEACHA míniúchán céim ar chéim ar na buntáistí éagsúla – iad ar fad cúpla clic uainn díreach.
“Céim bheag amháin d’fhear, léim ollmhór amháin don chine daonna” – os cionn caoga bliain ón eachtra chinniúnach seo i dtaiscéalaíocht spáis, táimid i bhfad níos eolaí anois maidir le céard atá mórthimpeall orainn a bhuí le teicneolaíocht nuálach. Caitheann ár dTAISCÉALAITHE DIGITEACHA súil níos géire ar an mbonneagar spáis Eorpach (an dtagann Copernicus chun cuimhne?) agus ar na buntáistí a thugann sé don chine daonna agus don intinn fhiosrach.
An bhfuil a fhios agat gur féidir scrolláil, roinnt, téacsanna agus glaonna a chur ó áit ar bith san AE - ar an gcostas céanna?! Is rud ó na laethanta atá thart é a bheith buartha faoi bhillí arda fóin. Ó 2017, is féidir leat taisteal tríd an AE & coinneáil i dteagmháil le do theaghlach agus do chairde. Foghlaim faoi conas atá ár dtaiscéalaithe digiteacha ag baint lántairbhe as buntáistí ‘Fánaíocht ar tháillí baile’ agus iad ar a n-aistear trasna an AE!
Ar an ábhar céanna
- Highlighted
Treoirlínte eiticiúla maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS) agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim d’oideoirí
Dearadh na treoirlínte seo chun cuidiú le hoideoirí agus le saoránaigh tuiscint a fháil ar an acmhainneacht a bhaineann le feidhmeanna úsáide IS agus sonraí san oideachas, sin agus feasacht faoi na rioscaí féideartha a mhúscailt.
Aimsiú agus comhrac bréagaisnéis
Léirigh an phaindéim a sciobtha is a scaipeann faisnéis bhréagach ar líne. Leis na huirlisí seo, is féidir le múinteoirí meánscoile cuidiú lena mic léinn an fhírinne a scagadh ón mbréag ar líne.
Cad is Intleacht Shaorga ann?
Cad is Intleacht Shaorga (IS) ann? Cad is brí léi? Cad iad feidhmchláir IS? Cad is féidir léi a dhéanamh agus conas a oibríonn sí? San fhíseán gearr s...
Cé hé tusa dar leat? – Céannacht
Cén sainmhíniú atá agat ar do chéannacht? Cad iad na saintréithe a bheadh ag gabháil leis an gcéannacht sin? Bíonn athruithe agus forás ag teacht go l...
Códú
Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.Free resources in 29 languages to help teachers introduce coding and computational thinking t...
Geobhlocáil agus siopadóireacht ar líne
Ní mór do mhiondíoltóirí an rochtain chéanna a thabhairt do lucht ceannaithe earraí agus seirbhísí, is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad. ‘Geobhlo...
- Highlighted
Maoin Intleachtúil san Oideachas
Cuireann IdeasPowered@School réimse ábhar oideachasúil ar fáil atá réidh le húsáid maidir le maoin intleachtúil do mhúinteoirí agus do dhaltaí de gach aois agus de gach leibhéal, iad i ngach teanga den Aontas.
Slán le táillí fánaíochta
Ó bhí 2017 ann, ní gá do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh atá ag taisteal go Ballstát eile táillí fánaíochta a íoc as glaonna gutháin, teachtaireachtaí...