Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta30 Samhain 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Busanna scoile do pháistí na hÚcráine

Is é an t-oideachas bunchloch ár dtodhchaí. Meastar go bhfuil tionchar ag ionsaí gan údar na Rúise ar 5.7 milliún páiste in aois scoile san Úcráin, agus go ndearnadh damáiste do na mílte scoileanna agus áiseanna. 

""
©Janne Savon, 2022

Is é an t-oideachas bunchloch ár dtodhchaí. Meastar go bhfuil tionchar ag ionsaí gan údar na Rúise ar 5.7 milliún páiste in aois scoile san Úcráin, agus go ndearnadh damáiste do na mílte scoileanna agus áiseanna. Tá rochtain shábháilte ar scoil ríthábhachtach dóibh i ngeall go dtugann sé tuiscint dóibh ar ghnáthshaol agus go bhfuil sé riachtanach dá leas agus dá dtodhchaí.

In ainneoin an scriosta agus na n-íobairtí, tá muintir na hÚcráine ag féachaint chun cinn le muinín agus le dóchas. Agus tosaíonn an todhchaí sin le cinnte a dhéanamh de go bhfuil scoileanna ar oscailt agus gur féidir le páistí dul ar scoil. Toisc go bhfuil damáiste déanta do go leor scoileanna, ní mór do go leor páistí achar fada a thaisteal anois chuig scoileanna i bhfad óna dtithe.

Chun go mbeidh siad in ann an t-achar sin a dhéanamh, tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin teacht le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú trí bhusanna a bhronnadh atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais ar scoil go sábháilte.

An bhfuil aithne agat ar eintiteas poiblí nó ar chuideachta príobháideach a bheadh in ann bus a bhronnadh? Iarr orthu an nasc a leanúint agus féachaint ar an gcaoi ar féidir leo cabhrú!

Sonraí

Dáta foilsithe
30 Samhain 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide