Scagadh de réir
Nuacht agus comórtais
(124)
RSS
Lá na hEorpa
An 9 Bealtaine gach bliain, déanaimid ceiliúradh ar Lá na hEorpa in ómós do Dhearbhú Schuman a cuireadh i láthair an 9 Bealtaine 1950.
Do chéad eachtra iarnróid le DiscoverEU
Faigh réidh le haghaidh aistear eisceachtúil le DiscoverEU!
Tá Seachtain Eorpach na hÓige buailte linn!
Idir an 12 agus an 19 Aibreán, déanaimid ceiliúradh ar óige na hEorpa!
Míniú ar Shaoránacht an Aontais Eorpaigh: Do chearta agus na deiseanna atá ar fáil duit a thuiscint
An bhfuil a fhios agat cé na cearta agus na deiseanna a bhfuil tú ina dteideal mar shaoránach den Aontas Eorpach?
Lá Breithe Sona do Chúinne na Foghlama atá 5 bliana ar an bhfód
An 21 Márta 2024, beidh Cúinne na Foghlama 5 bliana ar an bhfód!
Ról Leanaí sa daonlathas a fhiosrú
Tríd an bhFóram Eorpach maidir le Cearta an Linbh, dúirt leanaí linn gur ábhar tábhachtach é rannpháirtíocht dhaonlathach. Mar sin, iarraimid orthu níos mó eolais a thabhairt dúinn trí shuirbhé ar líne i dteangacha uile an Aontais.
Lá Eorpach 112
An bhfuil a fhios agat cén uimhir le glao a chur uirthi i gcás éigeandála? Ar ábharaí an tsaoil, níl ach aon uimhir amháin le cuimhneamh uirthi ar fud na hEorpa: 112.
Juvenes Translatores — Comórtas 2023
Tréaslaíonn an Coimisiún Eorpach a ngradam leis na 27 mbuaiteoir i gcomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores do lucht meánscoile.
Ag teacht le chéile ar mhaithe le hidirlíon níos fearr
Tá sé de cheart ag páistí agus daoine óga teacht i méadaíocht i dtimpeallacht dhigiteach inar féidir leo ábhar a chruthú agus a roinnt agus dul i ngleic leis go sábháilte.
An chéad bhliain d’Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais
Is spás sábháilte é Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais do leanaí agus do dhéagóirí chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le hábhair a dhéanann difear dóibh, agus chun a dtuairimí a chur le próisis chinnteoireachta an Aontais. Féachaimis siar ar chuid dá ngníomhaíochtaí le bliain anuas.
Lá Idirnáisiúnta an Oideachais 2024
An 24 Eanáir beidh Lá Idirnáisiúnta an Oideachais, a d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2018, á cheiliúradh ar fud an domhain chun béim a leagan ar ról an oideachais i gcothú na síochána agus na forbartha.
Duais Eorpach Charlemagne don Óige
An bhfuil tusa i do chónaitheoir san Aontas Eorpach, an bhfuil tú idir 16-30 bliain d'aois agus an bhfuil tú ag obair ar...
European Parliament project to promote democratic action ahead of EU elections.
Together.eu is a project run by the European Parliament, dedicated to getting as many people as possible involved in Europe’s democratic life. It is aimed in particular at getting out the vote for the Parliament’s elections.
Comórtas ImagineEU – Is fútsa atá sé!
Le déanaí, d’iarr comórtas ImagineEU ar mhic léinn atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánscoil níos mó a fhoghlaim faoin tsaoránacht ghníomhach san Aontas Eorpach.
Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh: Glao ar iarratais
Tá deontais suas le €35,000 ar fáil do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun daltaí a theagasc faoin Aontas Eorpach. Ní mór iarratas a dhéanamh roimh an 1 Feabhra ar 17:00.
Seilbh glactha ag an mBeilg ar uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
An raibh a fhios agat go mbíonn uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tír éagsúil de chuid an Aontais gach sé mhí? Ó thús mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2024, beidh an fhreagracht thábhachtach sin ag an mBeilg.
Leatsa an Eoraip, Abair leat! ag fáil réidh do na Toghcháin Eorpacha
Tá Leatsa an Eoraip, Abair leat! ar ais arís chun béim ar leith a leagan ar na toghcháin Eorpacha. An uair seo, tugtar cuireadh do dhaoine idir 18-25 bliana d’aois atá ar tí vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha den chéad uair nó den dara huair iarratas a dhéanamh.
Lá Domhanda na Leanaí
Is é an 20 Samhain Lá Domhanda na Leanaí. Is deis é chun an muintearas a spreagadh i measc leanaí ar fud an domhain, agus chun leas leanaí a fheabhsú.
Comórtas ImagineEU
Déan do mhachnamh faoin athrú is mian leat a fheiceáil san Aontas Eorpach!
DiscoverEU: Tá sé in am do mhála droma a phacáil agus an Eoraip mhór a fheiceáil
An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír eile atá comhlachaithe le Erasmus+? Má tá, faigh faoi réir le dul ar eachtra le DiscoverEU!